I was delighted to make my début in the Irish language on BBC Ulster show ‘Blas’ last week! Did I mention that the pandemic has me doing honours Irish for the Leaving Certificate at Crumlin College of Further Education, and that I have been reborn as Deirdre Ní Mhaolrúnaí? I was reminded lately of the beautiful meaning of Mhaolrúnaí too – Tonsured Follower of Secret Mysteries. Nice! I’ll take that. In the meantime, listen back to “An Cuimhín Leat Damhsa?” on Blas Pod here, and you can read the actual text below. GRMA!
An cuimhin leat damhsa? Rince? A bheith ag léimneach, ag cleasaíocht, ag obaireacht? Gar do dhaoine eile?
Roimh riail an dá mhéadar? Roimh dúinn “fanacht amach óna chéile”?
Ní de thimpiste go bhfuil “le chéile” laistigh den fhocal “Céilí”. Ag damhsa le chéile.
An cuimhin leat? A bheith ag bogadh in aice le daoine eile, in aice le duine nach raibh aithne agat air chéana, b’fhéidir? Stráinséir álainn. Stráinséir randamach le cumhrán tarraingteach, le moves, le grooves…
Mothúcháin shona agus tú ag bogadh leis an rithim, ag bogadh le chéile mar aonad. Braonta allais sa dioscó. Nó damhsa dionysian craiceáilte – an stíl damhsa is ansa liom, agus cén fáth nach ndéanfá é sin? Cinnte, is gá dúinn a bheith craiceáilte sna laethanta aisteacha seo.
Agus – an cuimhin leat – tadhall?
A bheith in ann teagmháil a dhéanamh le duine eile, fiú amháin scuabadh ina choinne – i válsa, foxtrot, damhsa mall, ag casadh ar fud an urláir rince. An cuimhin leat jiveáil, réabháil, nó – cad mar gheall ar thobchumadóireacht teagmhála, brisdamhsa?
An lúcháir a bhain leis an damhsa. Braithim an mothúchán bunúsach sin go mór uaim, braithimid ar fad go mór uainn é.
Le déanaí, de bharr na pandéime, i m’aonar i mo sheomra suite nó ar líne, os comhair scáileán mo ríomhaire, díchollaithe, sa saol iomlán fíorúil atá ann anois, rinne mé dearmad ar na mothúcháin sin, cé gur staraí damhsa mé.
Ansin, an lá faoi dheireadh agus mo rith laethúil dianghlasála ar siúl agam, timpeall an locháin lachan i bpáirc Herbert, laistigh de na 5 chiliméadar atá ceadaithe dom anseo i mBaile Átha Cliath, chonaic mé lánúin óg os comhair mo dhá shúl. A súile dúnta, iad ciúin, bhí tangó á dhamhsa acu go dlúth dá chéile, jíons agus bróga reatha á gcaitheamh acu. Ní raibh aon cheol le clos, ach bhí siad ag éisteacht go géar lena chéile, ag leanúint a chéile. Bhí siad sáite in anáil a chéile, sa chumhrán, sna céadfaí, sna coiscéimeanna. Go domhain sa damhsa. Ba íomhá dhraíochtúil é, Joycean epiphany de shaghas, ach i bpáirc Herbert seachas ar Dhumhach Thrá. Agus mar sin, tháinig íomhá an damhsa arís chugam, mar aisling, mar bhrionglóid álainn, ar mo rith laethúil dianghlasála. Agus thuig mé go bhfillfidh an damhsa, go dtiocfaidh muid le chéile arís. Dosheachantacht an damhsa. Thug an radharc álainn seo smaoineamh dom faoi na laethanta fadó in Éirinn, sna triochaidí, nuair a bhíodh na daoine ag damhsa amuigh faoin aer, dancing at the crossroads roimh rialachán poiblí eile – an ‘Acht Um Hallai Rinnce Puibli’ do míle naoi gcead trocha is a cuig. Ní raibh cead ag daoine a bheith ag damhsa gan sagart á maoirsiú, agus bhí ar na daoine fanacht amach óna cheile ar chúiseanna morálta. Ba rud contúirteach é an damhsa, rud a bhain leis an diabhal. Am draganta, saonta! Laethanta seo na dianghlasála, ní piúratánachas is cúis leis, ach sláinte an phobail. Fanacht beo. Inniu, is cás beatha nó báis é. B’fhéidir go bhfuil sé dochreidte, sci-fi, ach tá an damhsa contúirteach ó thaobh na sláinte de. Níos faide siar, in aimsir na Sean-Ghaeilge, ní raibh aon fhocal ann le “damhsa” nó le “rince” a rá ar an oileán seo. Tháinig na focail sin ón bhFraincis, ó “danse” agus ó “rink”, focail a bhí in úsáid ag na Normannaigh. Ach ba chinnte go raibh gluaiseacht dhraíochtúil ann riamh, fite fuaite le deasghnátha na nDraoithe, agus, ar ndóigh, le lúcháir. Mistéir ab ea an ghluaiseacht sin – is é an trua nach bhfuil aon chur síos uirthi ar fáil. Ach an féidir leat í a shamhlú? Beidh athbheochan na gcéadfaí ag teacht go luath. An bhfuil sibh réidh? Tadhall, boladh, barróg a bhreith, cead a bheith againn damhsa le chéile arís. Ar dtús, b’fhéidir go mbeadh sé mar dheasghnáth ársa ag Brú na Bóinne, nó sna páirceanna poiblí áitiúla ar fud na tíre. Damhsa spreagúil, agus aisling an rince chomh tógálách le víreas.
Cuirigí oraibh bhur mbróga rince! Cleachtaigí bhur ngluaiseachtaí!
Ansin, an seachtain ina dhiaidh sin, on my run through Herbert Park, I ran into the tango couple who inspired my piece, and there they were, still dancing! Good to know I wasn’t hallucinating. I stopped and had a chat with them – Raoul from Buenos Aires, and Julia from Italy, and took these few pix:
https://www.bbc.co.uk/sounds/play/p09flgk6